Get a reply from this employer
Your resume and cover letter, tailored to exactly what they’re hiring for.
Tá Oifigeach Cléireachais á earcú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i nGaillimh. Táirgeann an ról cléireachais/riaracháin fuinniúil sa Státseirbhís. Beidh an fheidhm ag cuidiú le seirbhísí stáit trí Ghaeilge agus le caighdeáin chomhlíonta a chinntiú, agus beidh freagracht agat maidir le tascanna riaracháin agus aonna faisnéise a láimhseáil.
Riachtanais cháilíochta agus oiliúna ar leith atá sonraithe ag an eagraíocht. Is é an dáta deiridh iarratas an 3 Nollaig 2026.
Tá Oifigigh Chléireachais atá líofa sa Ghaeilge á n-earcú anois ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus ag Oifig an Choimisinéara Teanga dá n-oifigí i nGaillimh. Is ról bunleibhéil sa Státseirbhís é an ról mar Oifigeach Cléireachais.
Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta forbairt tuaithe agus pobail agus an Ghaeilge chun cinn. Tugann sí tacaíocht do phobail bhríomhara, ionchuimsitheacha, inbhuanaithe ar fud na hÉireann agus é mar phríomhchúram uirthi acmhainneacht phobail agus imeascadh sóisialta a neartú agus pobail a chumasú chun dul i ngleic le dúshláin atá rompu faoi láthair agus a bheidh rompu amach anseo.
Feidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga mar sheirbhís ombudsman agus mar ghníomhaireacht chomhlíonta maidir le seirbhísí stáit trí Ghaeilge agus leagann sí béim ar chearta teanga an phobail agus ar dhualgais teanga an státchórais. Cuireann sí seirbhís neamhspleách ardchaighdeáin ar fáil agus comhlíonann sí dualgais reachtúla an Choimisinéara chun comhlíonadh an stáit maidir le cearta teanga a chinntiú.
Is féidir leis an ról mar Oifigeach Cléireachais a bheith éagsúil ag brath ar an eagraíocht, ach tríd is tríd, is éard a bheidh i gceist leis an ról ná tascanna cléireachais/riaracháin.
Tá an t-eolas ar fad faoin bpost, lena n-áirítear na riachtanais cháilitheachta shonracha, le fáil ar www.publicjobs.ie.
Is é 3i.n. Déardaoin an 3 Nollaig 2026 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe.
Táimid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuirimid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.