Water Treatment Maintenance Senior Operative (Electrical) - Ballymore Eustace Water Treatment Plant

Uisce Éireann

Ireland

On-site

EUR 40,000 - 60,000

Full time

14 days+

A complete application in a minute

Tailored resume and cover letter, ready to send.

Get past ATS filters

Job summary

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann. Tosaíonn an post seo sa rannóg Oibríochtaí Sócmhainní, ag freagrachtaí cothabhála agus seachadadh seirbhísí uisce agus fuíolluisce ar fáil do mhuintir na hÉireann.

Beidh tú ag obair ar chórais agus fearais leictreacha, ag coimeád agus ag feidhmiú córais ar bhonn rialaithe, agus tú freagrach as oibriú sábháilte agus as cothabháil ar shócmhainní cóireála uisce. Taithí 2 bhliain ar oibriú teicniúil riachtanach agus gairbhe sláinte agus sábháilteachta a

Qualifications

  • 2 bhliain taithí ar oibriú le córais rialaithe uathoibrithe
  • Cúram sláinte agus sábháilteachta sa phortach oibriúcháin

Responsibilities

  • Tacaíocht a thabhairt le soláthar agus cothabháil seirbhísí uisce agus fuíolluisce trí oibríochtaí cóireála agus córaíocht
  • Déanann an t- Oibríocht agus Cothabháil pleanáil agus cothabháil rialaithe ar chórais agus ar shócmhainní an líonra

Education

QQI Level 6 / Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann
Ceird Leictreach

Job description

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról:

Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an chomhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.

Tá freagracht ar an bhfoireann Oibriúcháin agus Cothabhála as soláthar náisiúnta seirbhísí oibriúcháin uisce agus fuíolluisce trí shócmhainní an líonra agus cóireáil uisce agus fuíolluisce a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú. Tá sainchúram réigiúnach ag an bhFoireann Oibriúcháin agus Cothabhála as bainistíocht oibríochta réigiúnach a dhéanamh ar chóireáil uisce agus fuíolluisce agus ar shócmhainní an líonra agus as an soláthar seirbhísí uisce agus fuíolluisce a bhaineann leis na freagrachtaí sin trí ghníomhaíochtaí oibríochta, cothabhála agus deisiúcháin, chomh maith le sláinte agus sábháilteacht a bhainistiú.

Bainfidh limistéar geografach le sainchúram an Oibrí Shinsearaigh Cothabhála Cóireála Uisce (Leictreach) agus beidh sé/sí freagrach as gníomhaíochtaí cothabhála, idir bheartaithe agus fhrithghníomhach, a chur i gcrích. Beidh sé riachtanach obair a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre agus beidh rátaí oiriúnacha ragoibre agus fuireachais i bhfeidhm.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
  • Tacaíocht a thabhairt do sheirbhísí cothabhála cóireála uisce trí scileanna ceardaíochta leictreacha a úsáid.
  • Tabhairt faoi thascanna éagsúla leictreachais a bhaineann le comhpháirteanna caite a athsholáthar amhail iad a ghlanadh, a sheirbhísiú, a iniúchadh agus a thástáil nó tabhairt faoi chomhpháirteanna nua a chur isteach ina n-ionad. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh leo sin: gnáthchothabháil nó baint caidéal, earraí ionaid do chomhpháirteanna caidéil, inneall, comhlaí, giarbhoscaí, hiodrálaice agus neomataice maidir le comhéadain leictreacha speisialta, feistiú, dícheangail píopaí, agus gairis mheicniúla (amhail imthacaí, cúpláin, coscáin agus sciatha sábháilteachta). D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach cumhacht leictreach a dhícheangal d’fhonn obair chothabhála a dhéanamh ar threalamh meicniúil agus é a athcheangal nó a athsholáthar, nuair atá sé/sí cáilithe sin a dhéanamh.
  • Raon de thascanna leictreacha a dhéanamh lena bhféadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh: aimsiú agus diagnóisiú fabhtanna, socrú rólódála, cothabháil maidir le mótair, dúisirí mótair, gineadóirí, soilsiú, tiomántáin luais inathraithe, ionstraimiú agus calabrú trealaimh phróisis, trealamh uathoibrithe a athshocrú, agus socrú paraiméadar maidir le tiomántáin luais inathraithe.
  • Sábháilteacht phearsanta dá c(h)uid féin agus daoine eile a chinntú trí Mheasúnuithe Riosca a dhéanamh agus trí threalamh iomchuí agus cleachtais shábháilte oibre a roghnú ina dhiaidh sin. Ag cloí le córais agus le nósanna imeachta sláinte agus sábháilteachta.
  • Tacaíocht a thabhairt don chothabháil leictreach ar na sócmhainní líonra uisce (m.sh. stáisiúin chaidéalúcháin) agus ionaid chóireála thánaisteacha, agus an obair sin go léir a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais sláinte agus sábháilteachta Uisce Éireann.
  • Tascanna riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear orduithe oibre a chomhlánú, taifid Sláinte agus Sábháilteachta, bainistíocht cothabhála bunaithe ar riosca agus bainistíocht fardail agus na córais teicneolaíochta arna gcur ar fáil á n-úsáid.
  • Faisnéis ábhartha a thaifeadadh go pras agus a thuairisciú go cruinn maidir le sonraí a bhaineann le sócmhainní reatha nó ionaid agus na córais teicneolaíochta arna gcur ar fáil á n-úsáid.
  • D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach obair a dhéanamh ar chórais Mheánvoltais agus Ardvoltais in ionaid áirithe.
  • Sonraí a thaifeadadh de réir mar is gá ar na gairis láimhe a chuirtear ar fáil.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar oibreacha ábhartha lena mbaineann conarthaí tríú páirtí/daoine eile de réir mar is gá.
  • Dualgais a chomhlíonadh faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, lena n-áirítear:
    • Cloí le Rialacháin Foirgníochta lena n-áirítear tabhairt faoi dhualgais a shanntar faoi na Rialacháin, de réir bheartas Uisce Éireann
    • Guaiseacha a aithint agus measúnuithe riosca suímh a dhéanamh roimh ghníomhaíochtaí oibre
    • Noisanna imeachta um obair shábháilte agus nósanna imeachta um oibríochtaí caighdeánacha a chur i bhfeidhm
    • Tabhairt faoi gach oiliúint sláinte agus sábháilteachta a sannadh, lena n-áirítear Pas Sábháilte agus, nuair is cuí, Scileanna Deimhnithe Tógála
    • Trealamh agus uirlisí sábháilteachta cuí a úsáid, lena n-áirítear Trealamh Cosanta Pearsanta
    • Nuair is gá, treoir a lorg ón gCeann Foirne maidir le measúnuithe riosca suímh a dhéanamh
    • Áiseanna na láithreán leasa a chothabháil
    • Rialú agus taifead a dhéanamh ar rochtain ar láithreáin ag pearsanra eile de chuid Uisce Éireann agus ag cuairteoirí seachtracha agus soláthraithe seirbhíse
    • Comhoibriú ar leibhéal an láithreáin le pearsanra eile ó Uisce Éireann agus le soláthraithe seirbhíse eile
    • Gach ábhar suímh a thaifeadadh, lena n-áirítear timpistí, teagmhais agus neastimpistí
    • Aon ghníomhartha ceartaitheacha a chur i gcrích don réimse freagrachta Oibriúcháin
    • Tacaíocht a sholáthar chun an Plean Sláinte agus Sábháilteachta ar Chéim na Tógála a nuashonrú
    • Faisnéis ábhartha a chur ar fáil don Chomhad Sábháilteachta
    • An Comhad Sábháilteachta a nuashonrú agus a chothabháil go háitiúil agus nuashonruithe a sheoladh chuig córas ECM Uisce Éireann.
    • Aon dualgais eile a mheastar a bheith riachtanach agus/nó de dhíth a d’fhéadfadh do bhainisteoir líne a iarraidh go réasúnta a dhéanamh.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
  • Sainteastas Leibhéal 6 QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann) nó a choibhéis i gceann amháin de na disciplíní thíos-
  • Ceird Leictreach
  • 2 bhliain de thaithí ábhartha ar a laghad
  • Taithí ar bhaill foirne a chóitseáil agus a fhorbairt
  • Coinnímid a chéile slán - taithí agus tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachta
  • Tuasú ghinearálta maith ar oibriú caidéal, mótar, meaisíní mungailte, caidéal tabhairt dáileog, séidirí aeir, comhbhrúiteoirí, sloda, fáisceán, aerthóirí, scileanna táthaithe agus ba cheart go mbeadh taithí aige/aici ar fhearais oibreacha uisce uile, lena n-áirítear comhlaí, píopaí, srl. inmhianaithe
  • Bheadh eolas ar fhearais do chórais Líonra Uisce Inólta ina bhuntáiste
  • Bheadh taithí ar oibriú le córais rialaithe uathoibrithe ina buntáiste
  • Is riachtanas íosta é ceadúnas tiomána chatagóir B Éireannach atá iomlán, glan agus bailí. Sainmhínítear ceadúnas glan tiomána mar seo a leanas; níor ciontaíodh an t-iarrthóir i gcion faoi na HÅachtanna um Thrácht ar Bhóithre (seachas cion arb é an pionós pointí pionóis a ghearradh ina leith)
  • Is fearr go mbeadh taithí ar chórais TF a úsáid agus eolas láidir oibre ar Microsoft Office m.sh. Word & Excel ag an iarrthóir
  • Táimid uaillmhianach - scileanna láidre réitigh fadhbanna agat agus treallús ionat chun saincheisteanna a réiteach go pras as do stuaim féin
  • Oibrímid níos fearr le chéile - an cumas cruthaithe dea-chaidrimh oibre a chruthú agus a fhorbairt
  • Scileanna litearthachta láidre
  • Is fearr linn iarrthóirí a bhfuil taithí oibre laistigh den Tionscal Uisce agus/nó Fóntais eile acu
  • Le hoiliúint iomlán agus measúnú riosca, ní mór go mbeadh an cumas ag an sealbhóir róil chun obair a dhéanamh i dtimpeallachtaí a d’fhéadfadh mionainmhithe foghla a mhealladh, a bheith torannach agus ina mbíonn úsáid cosanta cluas riachtanach, agus chun dul isteach i spásanna cúnga nuair atá siad oilte é sin a dhéanamh.

Is é 10/08/2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo.

Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.

*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.

Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar ballraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.

Get your free, confidential resume review.

or drag and drop your file here.

Similar jobs

Similar jobs worth comparing

Innealtóir Allamuigh / Field Engineer
Innealtóir Allamuigh / Field Engineer

Irish Water • Ireland

On-site
EUR 70,000 - 100,000
Western Operations Manager / Bainisteoir Oibríochtaí an Iarthair, RTÉ
Western Operations Manager / Bainisteoir Oibríochtaí an Iarthair, RTÉ

RTÉ • Carraroe

On-site
EUR 52,000 - 87,000
Water Network / Treatment Senior Operator - Wicklow
Water Network / Treatment Senior Operator - Wicklow

Uisce Éireann • Ireland

On-site
EUR 35,000 - 45,000
Oibritheoir/Oibrí Fuíolluisce (Cóireáil, Líonra, Cothabháil & Deisiú an Líonra) - Tuaisceart Ch[...]
Oibritheoir/Oibrí Fuíolluisce (Cóireáil, Líonra, Cothabháil & Deisiú an Líonra) - Tuaisceart Ch[...]

Uisce Éireann • Cork

On-site
EUR 32,976 - 40,304
Box Office & Sales Manager
Box Office & Sales Manager

NATIONAL CONCERT HALL • Dublin

On-site
EUR 60,000 - 77,000
Bainisteoir Taighde ar na Meáin Ghaeilge/ Irish Language Media Research Manager (Irish Speaking)
Bainisteoir Taighde ar na Meáin Ghaeilge/ Irish Language Media Research Manager (Irish Speaking)

TRP Research Ltd • Ireland

On-site
EUR 42,000 - 64,000
Assistant Principal – Head of Fitness to Practise
Assistant Principal – Head of Fitness to Practise

Coru • Dublin

Hybrid
EUR 83,000 - 104,000
30 lá saoire
Flexi-time
Hibrideach oibre
Oibritheoir/Oibrí Fuíolluisce (Cóireáil, Líonra, Cothabháil & Deisiú an Líonra) - Oirthear Chor[...]
Oibritheoir/Oibrí Fuíolluisce (Cóireáil, Líonra, Cothabháil & Deisiú an Líonra) - Oirthear Chor[...]

Uisce Éireann • Cork

On-site
EUR 35,000 - 45,000
Leakage Detection Operative - East Region (Louth, Meath, Kildare, Wicklow, Dublin)
Leakage Detection Operative - East Region (Louth, Meath, Kildare, Wicklow, Dublin)

Uisce Éireann • Ireland

On-site
EUR 33,000 - 40,000
Gníomhaire Líne Áirithinte NDLS
Gníomhaire Líne Áirithinte NDLS

SGS • Galway

On-site
EUR 30,000 - 40,000
Top locations