Roads and Utilities Engineer (multiple) -: Castlebar, Donegal, Roscommon, Galway

Uisce Éireann

Ireland

Hybrid

EUR 55,000 - 75,000

Full time

14 days+
Application generator

Don’t send a generic resume — generate a resume and cover letter tailored to this exact role.

Get past ATS filters

Job summary

Is Uisce Éireann é an t-oibritheoir atá i mbun oibre seo; tá an ról cumaisc ina bhfuil meascán de láithreacht ar an láthair agus freastal oifige. Beidh an tInnealtóir Bóithre agus Fóntais freachtach as buanú agus cothabháil córas, faoi réir beartas agus treoirlínte Rialaithe.

Beidh freagrachtaí agat maidir le foirmiú socruithe comhsheasmacha agus malartú dá bhforbróidh tú le fóntais agus páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear iarnróid, leictreacha, gás, uiscebhealaí agus teileachumarsaithe,

Responsibilities

  • Cabhrú le próisis éifeachtacha um Cheadúnas Oscailte Bóithre a bhunú le cinntú go gcomhlíonfar na Sonraíocht rialála BIÉ agus dea-chleachtas tionscail.
  • Tacú leis na foirne Oibríochtaí Réigiúnacha chun foirne deisiúcháin an líonra a bhainistíú.
  • Iniúchadh agus tomhas a dhéanamh ar athchóirithe sealadacha agus fadtéarmacha arna gcur i gcrích ag Oibríochtaí Sócmhainní, lochtanna a réiteach agus a thuairisciú.
  • Freagrach as comhlíonadh Conraitheoirí, íocaíochtaí agus lochtanna a bhainistiú.
  • Úsáid éigeantach a bhaint as córais TF Bainistíochta Sócmhainní chun oscailtí bóithre agus athchóirithe a bhainistiú lena n-áirítear Maximo agus MR MapRoad.
  • Freagrach as oscailtí bóithre agus athchóirithe a bhainistiú i gceantar réigiúnach ar leith.
  • Caidrimh láidre dhearfacha a fhorbairt agus a chothabháil le hÚdaráis Bhóithre.
  • Dul i gcomhairle le hOibríochtaí Réigiúnacha, agus tacaíocht a thabhairt maidir le tascanna leanúnacha a chur chun cinn.

Job description

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról:

Tá Oibríochtaí Sócmhainní Uisce Éireann mar bhunchloch maidir le soláthar seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus caighdeáin rialála a chomhlíonadh. Tá freagracht ag Oibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil, nósanna imeachta oibriúcháin caighdeánacha Uisce agus Fuíolluisce náisiúnta agus réigiúnacha, agus bainistiú caiteachais oibríochta.

Tá an fhoireann Bóithre agus Fóntais laistigh den fheidhm Rialaithe ar Oibríochtaí Sócmhainní. Beidh freagracht fhoriomlán ag an bhfoireann as bunú agus cur i bhfeidhm struchtúr comhsheasmhach um Cheadúnas Oscailte Bóithre agus Athchóirithe d’Oibríochtaí Sócmhainní ar fud na tíre. Spreagfaidh an fhoireann bunú na socruithe le fóntais agus le páirtithe leasmhara eile a bhfuil comhéadan ag bonneagar Uisce Éireann leo, lena n-áirítear gníomhaireachtaí iarnróid, leictreachais, gáis, uiscebhealaí agus teileachumarsáide.

Beidh an tInnealtlóir Bóithre agus Fóntais mar bhall lárnach den fhoireann Bóithre agus Fóntais agus tuairisceoidh sé/sí don Cheannasaí Bóithre agus Fóntais. Tacóidh an ról le cur i bhfeidhm agus bainistiú próisis chaighdeánaithe náisiúnta agus bealaí oibre do Cheadúnú Oscailte Bóithre agus Athchóirithe, ag cinntiú go gcomhlíontar ceanglais rialála, treoirlínte na Roinne Iompair (Sonraíochtaí BIÉ agus eile) agus dea-chleachtais tionscail.

Tacóidh an ról le hOibríochtaí Réigiúnacha maidir le saincheisteanna oidhreachta a chur chun cinn, le haistriú chuig an múnla amach anseo agus le caidrimh láidre a fhorbairt le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha. Cabhróidh an tInnealtóir Bóithre agus Fóntais le socruithe a bhunú le fóntais agus le páirtithe leasmhara eile a bhfuil comhéadan ag bonneagar Uisce Éireann leo, lena n-áirítear gníomhaireachtaí iarnróid, leictreachais, gáis, uiscebhealaí agus teileachumarsáide.

Is ról cumaisc é seo, a éillíonn meascán de láithreacht ar an láthair agus freastal oifige.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
  • Cabhrú le próisis éifeachtacha um Cheadúnas Oscailte Bóithre a bhunú lena gcinnteofar go gcloíonn gach oscailt bóthair le Sonraíochtaí rialála BIÉ agus le dea-chleachtas tionscail.
  • Tacú leis na foirne Oibríochtaí Réigiúnacha chun foirne deisiúcháin an Líonra a bhainistiú a bhfuil freagracht acu as oscailt agus athchóiriú an bhóthair le haghaidh oibreacha deisiúcháin.
  • Iniúchadh agus tomhas a dhéanamh ar athchóirithe sealadacha agus buana arna gcur i gcrích ag Oibríochtaí Sócmhainní, lena n-áirítear lochtanna a réiteach agus a thuairisciú de réir mar is gá do na foirne Oibríochta Réigiúnacha agus do na foirne atá i gceist. Conraitheoirí buana athchóirithe a fháil agus a bhainistiú i gcomhréir le próisis Cheadúnaithe Oscailte Bóithre agus coinníollacha a gconartha.
  • Freagrach as comhlíonadh Conraitheoirí, íocaíochtaí agus lochtanna a bhainistiú.
  • Úsáid éigeantach a bhaint as córais TF Bainistíochta Sócmhainní chun oscailtí bóithre, athchóirithe agus iniúchadh sábháilte ar oibreacha a bhainistiú lena n-áirítear ardán bainistíochta sócmhainní Maximo inmheánach, Aonaid Bhoise, córais shábháilteachta agus an córas seachtrach um Cheadúnú MapRoad (MRL).
  • Freagrach as oscailtí bóithre agus athchóirithe a bhainistiú i gceantar réigiúnach ar leith.
  • Caidrimh láidre dhearfacha a fhorbairt agus a chothabháil le hÚdaráis Bhóithre.
  • Dul i gcomhairle le hOibríochtaí Réigiúnacha, agus tacaíocht a thabhairt maidir le tascanna leanúnacha a chur chun cinn, chun a chinntú go ndéantar oscailtí stairiúla a rianú agus go ndéileáiltear leo.
  • Freagrach as caidrimh a bhunú agus a bhainistiú le fóntais agus le páirtithe leasmhara eile lena n-áirítear gníomhaireachtaí
Get your free, confidential resume review.
or drag and drop your file here.
Similar jobs

Similar jobs worth comparing

Water Treatment Operator - Ballymore Eustace Water Treatment Plant
Water Treatment Operator - Ballymore Eustace Water Treatment Plant

Irish Water • Ireland

Remote
EUR 30,000 - 50,000
Wastewater Network Maintenance and Repair Team Lead - Bannow Road
Wastewater Network Maintenance and Repair Team Lead - Bannow Road

Irish Water • Dublin

Hybrid
EUR 60,000 - 85,000
Wastewater Network Maintenance and Repair Team Lead - Bannow Road
Wastewater Network Maintenance and Repair Team Lead - Bannow Road

Uisce Éireann • Ireland

On-site
EUR 85,000 - 120,000
Water Network Maintenance and Repair Team Lead - Dublin
Water Network Maintenance and Repair Team Lead - Dublin

Irish Water • Dublin

On-site
EUR 65,000 - 90,000
Oibritheoir Sinsearach Cóireála Uisce - Bhaile Átha Luain/Water Treatment Senior Operator - Athlone WTP
Oibritheoir Sinsearach Cóireála Uisce - Bhaile Átha Luain/Water Treatment Senior Operator - Athlone WTP

Uisce Éireann • Ireland

On-site
EUR 42,000 - 56,000
Water Treatment Maintenance Senior Operative (Electrical) - Ballymore Eustace Water Treatment Plant
Water Treatment Maintenance Senior Operative (Electrical) - Ballymore Eustace Water Treatment Plant

Uisce Éireann • Ireland

On-site
EUR 40,000 - 60,000
Anailísí Tacaíochta Gnó ICC / ICC Business Support Analyst
Anailísí Tacaíochta Gnó ICC / ICC Business Support Analyst

Uisce Éireann • Dublin

On-site
EUR 60,000 - 80,000
Innealtóir Allamuigh / Field Engineer
Innealtóir Allamuigh / Field Engineer

Irish Water • Ireland

On-site
EUR 70,000 - 100,000
Water Treatment Operator - Louth / Meath
Water Treatment Operator - Louth / Meath

Uisce Éireann • Ireland

On-site
EUR 33,000 - 40,000
Water Network / Treatment Senior Operator - Wicklow
Water Network / Treatment Senior Operator - Wicklow

Uisce Éireann • Ireland

On-site
EUR 35,000 - 45,000