An application made for this job — a tailored resume and cover letter that speak straight to the posting.
Uisce Éireann is seeking a Water Network M&R Operative to support planned and reactive maintenance across the national water network. The role involves safe handling of repairs to water mains, meters and related fittings, with out-of-hours work and standby rates as required.
You will work within a team focused on safety, regulatory compliance, and delivering reliable water services to communities. A clean driving licence (Ireland) and basic IT system proficiency are required.
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gclúid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Tá freagracht ar fhoireann na nOibríochtaí Réigiúnacha as soláthar réigiúnach seirbhísí oibriúcháin uisce agus fuíolluisce trí na sócmhainní cóireála agus líonra a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú.
Tá an tOibrí C&D Líonra Uisce freagrach don Cheannasaí Foirne Cothabhála agus Deisithe Líonra Uisce, tá sainchúram limistéir aige/aici agus tá sé/sí freagrach as tacú le soláthar sábháilte gníomhaíochtaí cothabhála agus deisithe, idir bheartaithe agus fhrithghníomhach, ar fud an bhonneagair líonra uisce. Beidh sé riachtanach obair a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre agus beidh rátaí oiriúnacha ragoibre agus fuireachais i bhfeidhm.
Tabhair faoi deara go mbeidh sé riachtanach a bheith lonnaithe laistigh d’achar réasúnta ó limistéar na hoibre a shannfar d’fhonn a bheith in ann freagairt a dhéanamh gan mhoill do riachtanais taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.
Is é 10/08/2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo. Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
Tabhair faoi deara go gcuirfear iarrthóirí rathúla ar bhanda tuarastail bunaithe ar a gcuid scileanna agus taithí agus an pointe tosaithe don ról seo socraithe ag an íosmhéid de €36,640
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered.
The Regional Operations team is responsible for the regional delivery of water and wastewater operational services through the operation, inspection, maintenance & repair of the treatment and network assets.
Reporting to the Water Network Maintenance and Repair Team Lead, the Water Network M&R Operative has an area remit and is responsible for supporting the delivery of planned and reactive maintenance and repair activities across the water network infrastructure in a safe manner.
Out of hours working will be required and appropriate overtime and standby rates will apply.
Please note that there will be a requirement to be located within a reasonable distance from the assigned work area in order to be able to respond to out of hours requirements in a timely manner.
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 10/08/2026. Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
Please be advised that successful candidates will be placed on the salary band based on their skills and experience with the starting position for this role being the minimum of €36,640
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.